Inniú, rinne mé staidéar ar Churaclam na Gaeilge. Is breá liom an Ghaeilge mar theanga ach bhí deacrachtaí agam ag múineadh an ábhair seo nuair a bhí mé ar chleachtadh múinteoireachta. Ag an am sin, níor thuig mé céard a bhí i gceist sna trí tréimhse cumarsáide (réamhchumarsáid, cumarsáid agus iarchumarsáid) toisc nach raibh staidéar déanta agam cheana ar an gcuraclam.
Anois, tá níos mó eolais agam faoi chiall na dtéarmaí seo. Bheinn níos muiníneach agus mé ag ullmhú ranganna Gaeilge sa todhchaí. Is é an rud is tábhachtaí deiseanna a thabhairt do na páistí an teanga a úsáid. Is gá dúinn, mar mhúinteoirí, an bhéim a chur ar chumarsáid.

No comments:
Post a Comment